Skip to content

Preaseisiúint / Press Release: An Bosca Leabharlainne Seolta ag an Aire Oideachais, Norma Foley TD

By | Published | No Comments

1 Márta 2022

Inniu, an 1 Márta, rinne Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, ceiliúradh ar An Bosca Leabharlainne, atá seolta ag an Aire Oideachais, Norma Foley TD. I gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon, tá 55,000 leabhar á seoladh go breis agus 1,800 scoil le mí anuas.

Seo an méid a bhí le rá ag an Aire Oideachais, Norma Foley TD:

Is deacair teacht ar aon chaitheamh aimsire a thugann níos mó taitnimh nó tairbhe ná léitheoireaacht agus caithfimid gach rud gur féidir linn a dhéanamh chun an tsuim sin a spreagadh i ndaoine óga. Sin an fáth go bhfuil lúcháir orm inniu an tionscadal seo a sheoladh i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon.

Ár mbuíochas go deo as an tsár-obair agus an gcur chuige atá déanta ag Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, gur féidir le páistí ar fud na tíre taitneamh a bhaint anois as cruthaitheacht agus ceolmhaireacht sheanchas na hÉireann inár dteanga dhúchais.’

Is é an fhís atá ag Áine Ní Ghlinn mar Laureate na nÓg ná léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh mar chaitheamh aimsire, ní mar ‘obair bhaile’ amháin. Anois go bhfuil scoth na leabhar Gaeilge ar fáil ina gcuid scoileanna féin, tá an deis sin ag páistí ar fud na tíre. I ndiaidh an tseolta, reáchtáladh ceardlann litríochta le páistí ag Gaelscoil Lios na nÓg, Raghnallach.

Seo an méid a bhí le rá ag Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn:

Tá ríméad orm go bhfuil An Bosca Leabharlainne ar an mbealach anois chuig scoileanna ar fud na tíre. Tá an-chuid oibre déanta ag gach duine a raibh baint acu leis an togra ollmhór seo. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Leabhair Pháistí Éireann, An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge as an deis seo a thabhairt dom, as an tacaíocht ar fad – idir obair agus mhaoiniú – a thug siad domsa agus don Bhosca Leabharlainne. Tá 55,000 leabhar d’ardchaighdeán imithe amach anois chuig scoileanna ar fud na tíre agus tá súil agam go mbainfidh páistí agus múinteoirí spraoi agus sult, taitneamh agus tairbhe as na Boscaí Leabharlainne go léir’

Tháinig tacaíocht don tionscadal, atá ar scála i bhfad níos mó ná mar a samhlaíodh ar dtús, ón gComhairle Ealaíon, agus ó Fhoras na Gaeilge.

Seo mar a labhair Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn:

‘Aithníonn Foras na Gaeilge ríthábhacht na léitheoireachta i gcur chun cinn na Gaeilge. Cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí agus d’fhoilsitheoirí le go mbeidh siad in ann leabhair den chéad scoth a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. 

Tá lúcháir orainn a bheith a tacú leis an phríomhthionscadal atá ag Áine Ní Ghlinn mar Laureate na nÓg. Tá leabhair iontacha roghnaithe do na boscaí leabharlainne. Músclóidh na leabhair suim na bpáistí sa léitheoireacht agus cuideoidh na hacmhainní breise le múinteoirí agus iad ag spreagadh na bpáistí agus ag cothú léitheoirí don todhchaí’.

Bhí an méid seo le rá ag Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly:

‘Ó chuir an Chomhairle Ealaíon tús le Laureate na nÓg in 2010, chuir an meon flaithiúlachta a léirigh gach Laureate ina gcláir phoiblí iontas an domhain orainn. Trína sárobair mar ealaíontóir cruthaitheach, tá Áine Ní Ghlinn tar éis grá do theanga agus do scéalta a dhaingniú cheana leis na glúine léitheoirí. Anois, leis an gclár uaillmhianach seo, éascóidh Áine arís paisean don léitheoireacht as Gaeilge do leanaí ar fud na tíre, ar scála atá inspioráideach agus leitheadach.’

Idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh, méadóidh tionchar an tionscadail, le clár ealaíontóirí cónaithe i bhfeidhm i scoil agus fiche. Mar aon leis na leabhair féin, tá acmhainní breise ar fáil do gach scoil, i bhfoirm leabhrán tacaíochta agus físcheardlanna le scríbhneoirí, ar shuíomh an Laureate, childrenslaureate.ie

#anboscaleabharlainne

Íoslódáil an preaseisiúint anseo


An Bosca Leabharlainne launched by Minister for Education, Norma Foley TD

Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, today (March 1st) celebrated the launch of her flagship project, An Bosca Leabharlainne, by Minister for Education, Norma Foley TD. Produced in partnership with Foras na Gaeilge and the Arts Council, the project has delivered 55,000 books to over 1,800 schools this month.

Speaking at the launch, Minister Foley said,

‘There are few greater pleasures in life than reading, and we must do everything we can to instil a passion for reading in our young people. This is why I am so happy to launch this project today in partnership with Foras na Gaeilge and the Arts Council. 

With thanks to the excellent work and commitment of Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn children across the country can enjoy the creativity and colour of Irish storytelling though our native language.’

Áine’s vision as Laureate na nÓg is to promote reading for children as Gaeilge as a hobby, and not simply as homework. Now that a selection of high-quality, original books as Gaeilge have arrived into schools, children in every county in Ireland will have that exact opportunity. The launch was followed by a workshop with children at Gaelscoil Lios na nÓg in Ranelagh, Dublin 6.

Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg, said,

‘I am delighted An Bosca Leabharlainne is on its way to schools across the country. A huge amount of work has got the project to this point, and I would like to extend my thanks to Children’s Books Ireland, the Arts Council and Foras na Gaeilge for giving me, and for giving the project, the opportunity and the support needed to bring An Bosca Leabharlainne to fruition. 55,000 high-quality books have been sent to schools around the country, and I hope children and teachers will benefit from, and enjoy, An Bosca Leabharlainne.’

Support for the project, which is on a much larger scale than first envisaged, came from the Arts Council and from Foras na Gaeilge.

Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge said,

Foras na Gaeilge recognises the vital importance of reading in the promotion of the Irish language. Foras na Gaeilge supports both writers and publishers to ensure that high quality books are available as Gaeilge. We are delighted to be supporting Áine Ní Ghlinn’s flagship project as Laureate na nÓg. An Bosca Leabharlainne contains a wonderful selection of books which will inspire children to read, while the additional resources included will support teachers in fostering a love of reading into the future.’

Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly, said,

‘Since the Arts Council initiated Laureate na nÓg in 2010, we have been blown away by the generosity of spirit that each Laureate has demonstrated through their public programmes. Through her magnificent work as a creative artist, Áine Ni Ghlinn has already embedded a love of language and story with generations of readers. Now, with this ambitious programme, Áine will further enable a passion for reading as Gaeilge for children across the country, on a scale that is inspiring and far-reaching.’

From March until June, An Bosca Leabharlainne will extend its impact with an artist-in-residence programme across 21 schools, along with an online resource booklet and video resources for classrooms available to all at childrenslaureate.ie.


#anboscaleabharlainne



Download the press release here.