Skip to content

Áine Ní Ghlinn

On Wednesday 13 May 2020, Irish language author Áine Ní Ghlinn was announced as the sixth Laureate na nÓg (Ireland’s Children’s Literature Laureate). Áine is the first author writing exclusively in the Irish language to be appointed to the role, and will hold the title until 2023.

Áine is a children’s writer and poet. She has written twenty-six books for children, including stories and novels for all ages, as well as poetry and drama. Her ambition as Laureate is to lift the cloak of invisibility from Irish language authors and books, and to encourage children and young people to read for pleasure as Gaeilge.

Originally from County Tipperary, Áine worked for a number of years in RTÉ and Raidió na Gaeltachta as a journalist, and now divides her time between writing, delivering creative writing workshops in schools, and part-time lecturing.

Her books have won the Gradam Reics Carló Book of the Year Award three times, most recently in 2019 for her novel Boscadán. In 2015, her YA novel Daideo won the Honour Award for Fiction at the Children’s Books Ireland Book of the Year Awards, as well as the Literacy Association of Ireland Book of the Year.

Áine is a former chair of the Children’s Books Ireland Book of the Year Awards and is a strong advocate for Irish writers and illustrators. She has been engaged for many years in the wider children’s literature sector as a visible, vocal and measured champion of books that are written for children in both English and Irish.

In 2018, Áine was selected as one of twenty artists celebrated as part of BOLD GIRLS, a Children’s Books Ireland project celebrating strong girls and women in children’s literature and highlighting Irish women writers and illustrators whose work is remarkable.
Dé Céadaoin, an 13 Bealtaine 2020, fógraíodh gurb í an t-údar Gaeilge, Áine Ní Ghlinn, an séú Laureate na nÓg (laureate na hÉireann le haghaidh na litríochta do pháistí). Is í Áine an chéad údar nach scríobhann ach i nGaeilge amháin agus a ceapadh sa ról seo, agus beidh sí ag feidhmiú mar Laureate go dtí 2023.

Is file agus údar do pháistí í Áine. Tá sé leabhar is fiche scríofa aici do pháistí – scéalta agus úrscéalta do dhaoine idir óg agus aosta ina measc – chomh maith le filíocht agus dráma. Tá sé mar uaillmhian aici le linn a tréimhse mar Laureate údair agus leabhair Ghaeilge a chur ar a súile don saol mór, agus páistí agus daoine óga a spreagadh chun scíthléitheoireacht a dhéanamh as Gaeilge.

Is ó Chontae Thiobraid Árann d’Áine ó dhúchas. Chaith sí roinnt blianta ag obair in RTÉ agus le Raidió na Gaeltachta mar iriseoir, agus anois caitheann sí a cuid ama ag scríobh, ag cur ceardlanna scoile ar fáil sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus ag léachtóireacht go páirtaimseartha.

Tá Gradam Leabhar na Bliana Reics Carló bronnta faoi thrí ar leabhair léi. In 2019, ba ar a húrscéal Boscadán a bronnadh é. In 2015, bronnadh an Gradam Ónórach le haghaidh Ficsin ar a húrscéal do dhaoine fásta óga, Daideo, ag Gradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann, agus d’ainmnigh Cumann Litearthachta na hÉireann é mar Leabhar na Bliana an bhliain chéanna.

Is iar-chathaoirleach í Áine ar Ghradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann agus tacaíonn sí go mór le scríbhneoirí agus maisitheoirí na hÉireann. Tá sí ag plé le fada leis an earnáil litríochta do pháistí i gcoitinne agus ag tabhairt tacaíocht shofheicthe ghlórach thomhaiste do leabhair i nGaeilge agus i mBéarla atá cumtha do pháistí.

Sa bhliain 2018, roghnaíodh Áine mar dhuine d’fhiche ealaíontóir a ndearnadh ceiliúradh orthu mar chuid den tionscadal BOLD GIRLS, a bhí á reáchtáil ag Leabhair Pháistí Éireann chun cailíní agus mná láidre sa litríocht do pháistí a cheiliúradh agus chun aird a tharraingt ar scríbhneoirí agus maisitheoirí ban in Éirinn a dhéanann obair den chéad scoth.