Is é An Bosca Leabharlainne príomhthogra Áine Ní Ghlinn dá téarma trí bliana mar Laureate na nÓg. Baineann an togra seo le príomhaidhm Áine maidir le daoine óga a spreagadh chun taitneamh agus pléisiúr a bhaint as leabhair Ghaeilge a léamh. I gcomhar le Foras na Gaeilge agus An Chomhairle Ealaíon, déanfaidh Laureate na nÓg Bosca Leabharlainne ina mbeidh leabhair Ghaeilge d’ardchaighdeán a bhronnadh ar breis agus 1,800 scoil ar fud na hÉireann. Gheobhaidh na scoileanna seo
- Bosca ina mbeidh 25 leabhar roghnaithe ag Áine
- Acmhainní breise don seomra ranga le cuidiú le múinteoirí tairbhe a bhaint as na leabhair
- Beidh físcheardlanna le scríbhneoirí ar fáil do gach scoil
In éineacht leis An Bosca Leabharlainne, beidh 21 scoil ag obair le Ealaíontóir Chónaithe. Beidh deis acu a bheith ag obair le scríbhneoir nó le healaíontóir ionas gur féidir taitneamh agus tairbhe a bhaint as léitheoireacht na Gaeilge ar fud na scoile.
- A box of 25 excellent Irish language books chosen by Áine
- Specially designed display and print resources to help them make the most of their books
- Pre-recorded video workshops with children’s authors and illustrators
'Creidim go n-athraíonn an léitheoireacht meon an duine óig agus más féidir leat léamh sa dara teanga creidim go n-osclaíonn sé fuinneog ar chultúr na teanga sin. Tá súil agam go mbainfidh páistí ar fud na tíre sult agus spraoi as an mBosca Leabharlainne seo agus go n-osclóidh sé an fhuinneog sin ar ár gcultúr dúchais féin.
I believe reading can change a young person's outlook on the world. And if you can read in another language, it opens a window on the culture of that language. I hope children all over the country enjoy An Bosca Leabharlainne and that it opens a window for them on our own native culture.'
– Áine NíGhlinn, Laureate na nÓg