Ba é An Bosca Leabharlainne príomhthogra Áine Ní Ghlinn dá téarma trí bliana mar Laureate na nÓg. Bain an togra seo le príomhaidhm Áine maidir le daoine óga a spreagadh chun taitneamh agus pléisiúr a bhaint as leabhair Ghaeilge a léamh. I gcomhar le Foras na Gaeilge agus An Chomhairle Ealaíon, bhronn Laureate na nÓg Bosca Leabharlainne lán le leabhair Ghaeilge d’ardchaighdeán ar breis agus 1,800 scoil ar fud na hÉireann. Fuair na scoileanna seo
- Bosca 25 leabhar roghnaithe ag Áine
- Acmhainní breise don seomra ranga le cuidiú le múinteoirí tairbhe a bhaint as na leabhair
- Físcheardlanna le scríbhneoirí a cuireadh ar fáil do gach scoil
In éineacht leis An Bosca Leabharlainne, bhí 21 scoil ag obair le Ealaíontóir Chónaithe. Bhí an deis acu a bheith ag obair le scríbhneoir nó le healaíontóir chun taitneamh agus tairbhe a bhaint as léitheoireacht na Gaeilge ar fud na scoile.
- A box of 25 excellent Irish language books chosen by Áine
- Specially designed display and print resources to help them make the most of their books
- Pre-recorded video workshops with children’s authors and illustrators
'Creidim go n-athraíonn an léitheoireacht meon an duine óig agus más féidir leat léamh sa dara teanga creidim go n-osclaíonn sé fuinneog ar chultúr na teanga sin. Tá súil agam go mbainfidh páistí ar fud na tíre sult agus spraoi as an mBosca Leabharlainne seo agus go n-osclóidh sé an fhuinneog sin ar ár gcultúr dúchais féin.
I believe reading can change a young person's outlook on the world. And if you can read in another language, it opens a window on the culture of that language. I hope children all over the country enjoy An Bosca Leabharlainne and that it opens a window for them on our own native culture.'
– Áine NíGhlinn, Laureate na nÓg