laureateadmin

2 posts

An Bosca Leabharlainne- Léiriú Spéise Ealaíontóra

Tá foireann Ealaíontóirí Cónaithe is Gaeilgeoirí á lorg ag Leabhair Pháistí Éireann chun obair le scoileanna mar chuid de thionscadal An Bosca Leabharlainne de chuid Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn. An t-earrach seo chugainn, gheobhaidh bunscoileanna ar fud oileán na hÉireann bosca leabhair Ghaeilge d’ardchaighdeán arna roghnú d’aon turas ag Áine. Gheobhaidh fiche ceann de na scoileanna sin Ealaíontóir Cónaithe chun cultúr buan léitheoireachta Gaeilge le haghaidh pléisiúir a fhorbairt ina scoilsean. Tá súil ag Leabhair Pháistí Éireann deichniúr ealaíontóirí a chonrú chun dhá chónaitheacht chomhthráthacha a sholáthar an duine. Is féidir le healaíontóirí iad féin a chur ar aghaidh freisin chun ábhar físe a chruthú a chuirfear ar fáil saor in aisce do gach scoil, chun léitheoireacht Ghaeilge le haghaidh pléisiúir a spreagadh.

MAIDIR LEIS AN TIONSCADAL SEO:

Is é An Bosca Leabharlainne tionscadal suaitheanta Áine Ní Ghlinn le linn a téarma thrí bliana mar Laureate na nÓg (2020–2023). Tá an tionscadal lárnach d’aidhm fhoriomlán Áine páistí a spreagadh chun léitheoireacht Ghaeilge a dhéanamh le haghaidh pléisiúir. I gcomhpháirt le Foras na Gaeilge agus leis An Chomhairle Ealaíon, tá Laureate na nÓg ag tabhairt bosca leabhair do pháistí d’ardchaighdeán atá ina mbunsaothair Ghaeilge do scoileanna ar fud oileán na hÉireann. Tá dhá leagan den Bosca Leabharlainne ann: ceann amháin le rogha leabhair a roghnaíodh go sonrach do scoileanna Béarla, agus ceann eile ina bhfuil leabhair atá níos oiriúnaí do dhaltaí bunscoile i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta.

Faigheann scoileanna:

  • bosca de 25 leabhar Ghaeilge den scoth arna roghnú ag Áine Ní Ghlinn
  • pacáiste tacaíochta atá saindeartha agus lán de ghníomhaíochtaí spraíúla chun sult a chur sa léitheoireacht Ghaeilge do pháistí
  • Ceardlanna físe réamhthaifeadta le húdair agus maisitheoirí páistí

Gheobhaidh 20 scoil cónaitheachtaí d’ealaíontóirí freisin, agus oibreoidh siad le húdar nó le maisitheoir chun spleodar a thógáil maidir le léitheoireacht Ghaeilge ina scoil.

Déanfaidh Ealaíontóirí Cónaithe An Bosca Leabharlainne:

  • freastal ar sheimineár le hÁine Ní Ghlinn sula dtosaíonn siad ar a gcónaitheacht
  • beidh siad faoi réir Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ag Leabhair Pháistí Éireann
  • beidh siad sásta taisteal chuig scoileanna
  • beidh siad ar a gcompord ag soláthar ceardlanna ar líne mura ceadmhach cuairteanna pearsanta de réir na comhairle sláinte poiblí
  • beidh siad ar fáil le haghaidh cónaitheachtaí idir Márta agus Meitheamh 2022
  • rannpháirtíocht na scoile iomláine a fháil i dtionscadal nó i rogha gníomhaíochtaí chun léitheoireacht le haghaidh pléisiúir a spreagadh
  • úsáid An Bosca Leabharlainne agus pacáiste tacaíochta ag an scoil iomlán a spreagadh
  • foireann na scoile a ullmhú chun spriocanna an tionscadail a bhaint amach nuair nach mbíonn an tEalaíontóir Cónaithe i láthair
  • tuarascáil mheastóireachta a chomhlánú agus a chur isteach ag deireadh a gcónaitheachta

AN tIARRATASÓIR IDÉALACH:

  • is údar, maisitheoir, file nó scéalaí do pháistí é/í a bhfuil foilseacháin ghairmiúla curtha díobh
  • beidh an Ghaeilge ar a dtoil aige/aici (idir Ghaeilge labhartha agus scríofa)
  • beidh taithí roimhe seo aige/aici ag soláthar ceardlanna do leanaí idir 4-13 bliana d’aois agus ag obair le múinteoirí ar thionscadail fadtéarmacha
  • beidh sé/sí in ann gnéithe dá gcónaitheacht a sholáthar ar líne más gá
  • beidh a gcóir iompair féin aige/aici

Is féidir gur maith le roinnt iarratasóirí a mheas freisin ábhar físe a chruthú, ach ní riachtanas é sin do gach ealaíontóir.

Fad an chonartha:

Cruthófar ábhar físe i mí Eanáir 2022 le healaíontóirí rannpháirteacha. Beidh cruinnithe pleanála ar siúl i mí Feabhra. Cuirfear tús leis na cónaitheachtaí i mí an Mhárta 2022. Tiocfaidh deireadh le cónaitheachtaí i mí an Mheithimh, agus beidh tuarascáil d’Ealaíontóir Cónaithe dlite faoi mhí Iúil.

Luach saothair/sochair:

Is é €6,000 an táille. Tá sé seo bunaithe ar ráta laethúil €400 x 15 lá iomlána (taisteal san áireamh más gá). Roinnfear leithdháileadh laethanta gach ealaíontóra idir dhá scoil, agus d’fhéadfadh oiliúint le Laureate na nÓg, obair ullmhúcháin, machnamh agus tuairisciú chomh maith le ham ar an láthair i scoileanna a bheith san áireamh. Is í ár dtuiscint go mbeadh an ghníomhaíocht seo díolmhaithe ó CBL, ach is faoin ealaíontóir é an dualgas cruthúnais do na Coimisinéirí Ioncaim, agus ba chóir d’ealaíontóirí dul i gcomhairle lena gcuntasóir. Más gá d’ealaíontóirí CBL a ghearradh, ní mór an táille €6,000 a bheith san áireamh leis sin.

Beidh táille bhreise ag an ráta laethúil céanna (€400 CBL san áireamh) iníoctha le healaíontóirí a roghnaítear chun ábhar físe a chruthú.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh le bheith i m’Ealaíontóir Cónaithe do An Bosca Leabharlainne?

Comhlánaigh an fhoirm léirithe spéise seo:

  • leis an méid a dhéanfá chun páistí a spreagadh le léitheoireacht Ghaeilge le haghaidh pléisiúir a dhéanamh le linn do chónaitheachta (100 focal ar a mhéad)
  • conas a d’fhorbrófá cultúr léitheoireachta Gaeilge inbhuanaithe le haghaidh spraoi sa scoil (250 focal ar a mhéad)
  • do thaithí ag obair le leanaí bunscoile (200 focal ar a mhéad)
  • naisc chuig do láithreán gréasáin agus aon fhíseáin ábhartha a rinne tú (inmhianaithe ach níl sé riachtanach)

Más mian leat go ndéanfaí measúnú ort do chruthú ábhair físe do scoileanna, cuir do chuid smaointe in iúl dúinn maidir le gníomhaíochtaí gearra lena gcuirfí léitheoireacht Ghaeilge le haghaidh pléisiúir chun cinn. Beidh físeáin faoi bhun deich nóiméad agus ba chóir dóibh díriú ar spraoi seachas ailíniú leis an gcuraclam. (200 focal ar a mhéad)

Is é Dé Luain 22 Samhain ar 5 i.n. an dáta deiridh le haghaidh léirithe spéise.

Is tionscnamh de chuid An Chomhairle Ealaíon é Laureate na nÓg. Tá sé á bhainistiú agus á sholáthar thar ceann na Comhairle ag Leabhair Pháistí Éireann, le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Trí onóir a thabhairt d’ealaíontóir a bhfuil tallann agus tiomantas eisceachtúil aige/aici, cuireann Laureate na nÓg an litríocht ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga, agus glúnta scríbhneoirí, maisitheoirí agus léitheoirí á spreagadh.

www.childrenslaureate.ie

Preaseisiúint / Press Release: An Bosca Leabharlainne

Scéim bronnta leabhar uile-oileáin á seoladh ag Laureate na nÓg, Foras na Gaeilge, an  Chomhairle Ealaíon 

Gheobhaidh bunscoileanna beagnach 30,000 bunsaothar Gaeilge  

Inniu (an 1 Meán Fómhair), rinne Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, i gcomhpháirtíocht le  Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon, An Bosca Leabharlainne a sheoladh, ar  tionscnamh bronnta leabhar é faoina seolfar bosca de leabhair Ghaeilge chuig 1,125  bhunscoil ar fud na hÉireann. Is bunsaothair fhicsin Ghaeilge iad na leabhair, atá roghnaithe  ag Áine í féin. Ina measc tá pictiúrleabhair, filíocht agus úrscéalta. Is leabhair iad atá cumtha  agus deartha ag údair agus maisitheoirí na linne seo agus a foilsíodh in Éirinn. Tá gradaim  buaite ag go leor acu agus roghnaíodh gach ceann díobh as a bharrfeabhais. 

Is é An Bosca Leabharlainne príomhthionscadal Áine Ní Ghlinn ina cáil mar Laureate na nÓg  (2020-2023). Nuair a fógraíodh gurb í 6ú Laureate na hÉireann don Litríocht do Pháistí, dúirt  Áine go ndíreodh sí mar Laureate ar infheictheacht litríocht na Gaeilge do pháistí a mhéadú agus ar léitheoireacht na Gaeilge mar chaitheamh aimsire, ní mar ‘obair bhaile’ amháin, a  chur chun cinn. Tá sí anois ag iarraidh ar bhunscoileanna ar fud na hÉireann iarratas a  dhéanamh ar an mBosca Leabharlainne. Seo an méid a bhí le rá ag Laureate na nÓg, Áine  Ní Ghlinn: 

Gheobhaidh na scoileanna 25 leabhar mar aon le pacáiste tacaíochta. Gheobhaidh suas le  fiche scoil Scéim Chónaithe le healaíontóir nó scríbhneoir agus beidh físcheardlanna le  feiceáil ar líne freisin. Mo mhíle buíochas le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon  as a gcuid tacaíochta. Táimid go léir ar aon intinn faoi thábhacht na léitheoireachta do  dhaoine óga agus faoin tábhacht a bhaineann le pléisiúr a bhaint as a bheith ag léamh as  Gaeilge seachas a bheith ag smaoineamh air mar obair bhaile. 

Is tionscnamh uile-oileáin é An Bosca Leabharlainne atá á chur i gcrích i gcomhpháirtíocht le  Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon. Tá sé ar oscailt do bhunscoileanna lán Bhéarla agus lán-Ghaeilge araon; tabharfar tús áite, áfach, do scoileanna lán-Ghaeilge agus  Gaeltachta, chomh maith le bunscoileanna i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i mbailte atá ainmnithe mar Líonraí Gaeilge. Agus é ag fógairt na comhpháirtíochta le Laureate na nÓg,  agus ag deimhniú tacaíocht dar luach €300,000 don Bhosca Leabharlainne, seo mar a  labhair Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn: 

Tá sé an-tábhachtach gur féidir pobal gníomhach léitheoireachta a chinntiú don Ghaeilge don am atá le teacht. Mar sin, tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge tacú leis an tionscadal iontach seo a cheap Áine Ní Ghlinn mar phríomhthionscadal agus í ina Laureate na nÓg. Tá baint mhór ag Foras na Gaeilge le cur chun cinn na léitheoireachta tríd An Gúm, Clár na Leabhar Gaeilge agus ÁIS agus tá muid thar a bheith sásta a bheith ag comhoibriú le Laureate na nÓg agus An Chomhairle Ealaíon leis an léitheoireacht a chur chun cinn i measc daoine óga. Spreagfaidh An Bosca Leabharlainne páistí le sult a bhaint as na leabhair iontacha atá ar fáil agus cothóidh sé an chéad ghlúin eile de léitheoirí na Gaeilge. 

Bhí an méid seo le rá ag Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly: Is cúis ollmhór bróid don Chomhairle Ealaíon é Laureate na nÓg, idir an onóir a thugann sé  do scríbhneoir nó maisitheoir do pháistí, agus an uaillmhian agus scleondar a spreagann sé.  Le tionscnamh an Bhosca Leabharlainne, tá slí á réiteach ag an Laureate, Áine Ní Ghlinn,  chun gur féidir le páistí grá fad saoil a fhorbairt do leabhair den scoth agus a samhlaíocht  agus a gcruthaitheacht a mhúscailt. Tá an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire ar cheann  de rudaí is aoibhne sa saol, agus is mór an chúis lúcháire dúinn é leabhair Ghaeilge den scoth  a fheiceáil i lámha páistí ar fud na tíre. 

Bunscoileanna ar spéis leo An Bosca Leabharlainne a fháil, is ceart dóibh foirm iarratais a  líonadh amach ar shuíomh gréasáin Laureate na nÓg, childrenslaureate.ie. Is é Déardaoin an  14 Deireadh Fómhair 2021 an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh. Is tionscnamh de chuid  na Comhairle Ealaíon é Laureate na nÓg. Tá sé á bhainistiú agus á chur i gcrích thar ceann na  Comhairle ag Leabhair Pháistí Éireann, agus faigheann sé tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon  Thuaisceart Éireann, agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta  agus Óige. Trí onóir a thabhairt d’ealaíontóir fíorchumasach díograiseach, tá Laureate na  nÓg ag tacú leis an litríocht do pháistí agus do dhaoine óga agus á ceiliúradh, rud a  spreagfaidh na glúnta de scríbhneoirí, maisitheoirí agus léitheoirí atá le teacht. CRÍOCH

NÓTAÍ DO NA hEAGARTHÓIRÍ: 

Tá Áine Ní Ghlinn ar fáil le haghaidh agallamh 

Teagmháil: Anna Davitt (Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge) 087 673 6175 / adavitt@forasnagaeilge.ie

Íoslódáil an preaseisiúint anseo


Laureate na nÓg, Foras na Gaeilge, The Arts Council launch all-island book-gifting scheme Primary schools will receive almost 30,000 original Irish language books  

Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn in partnership with Foras na Gaeilge and The Arts Council today (1st September) launched An Bosca Leabharlainne, a book-gifting initiative that will  send a box of Irish language books to 1,125 primary schools across Ireland. The books are original works of fiction in Irish that were hand-picked by Áine. They include picturebooks,  poetry and novels. The books are created by contemporary authors and illustrators and  published in Ireland, many are award winners and each was chosen for its excellence. 

An Bosca Leabharlainne is Áine Ní Ghlinn’s main project as Laureate na nÓg (2020-2023).  When she was announced as Irelands’ 6th Children’s Literature Laureate, Áine stated that  her focus as Laureate would be to lift the invisibility cloak off Irish language literature for  children and to promote reading for pleasure as Gaeilge, not simply for ‘homework’. She is now calling on primary schools across Ireland to apply for An Bosca Leabharlainne. Laureate  na nÓg Áine Ní Ghlinn said: 

Schools will get 25 books as well as a support pack. Up to 20 schools will get a residency with  a writer or illustrator and video resources will also be available. My thanks to Foras na  Gaeilge and the Arts Council for their support. We all recognise the importance of reading as  Gaeilge for pleasure, and not simply for “obair bhaile”.  

An Bosca Leabharlainne is an all-island initiative delivered in partnership with Foras na  Gaeilge and the Arts Council/An Chomhairle Ealaíon. It is open to both English and Irish  medium primary schools; however, priority will be given to Gaelscoileanna and Gaeltacht  schools, as well as primary schools in Gaeltacht Service Towns and in towns that have been  designated as Líonraí Gaeilge. Announcing the partnership with Laureate na nÓg and  confirming support of €300,000 for An Bosca Leabharlainne, Chief Executive of Foras na  Gaeilge, Seán Ó Coinn said: 

It’s so important that we ensure an active Irish-language readership for the future. To that end, Foras na Gaeilge is delighted to support this wonderful initiative which was conceived by Áine Ní Ghlinn to be her main project as Laureate na nÓg. Foras na Gaeilge is very involved in the promotion of reading via An Gúm, Clár na Leabar Gaeilge and Áis and we’re very pleased to be working in collaboration with Laureate na nÓg and the Arts Council to promote reading amongst young people. An Bosca Leabharlainne will encourage children to enjoy the fantastic books that are available and will foster the next generation of Irish-language readers. 

Arts Council Director Maureen Kennelly said: 

The Arts Council is exceptionally proud of Laureate na nÓg – both the honour that it bestows  on a children’s writer or illustrator, but also the ambition and excitement that the Laureate  generates. Through An Bosca Leabharlainne, Laureate Áine Ní Ghlinn is creating a path for  children to develop a lifelong passion for great books, sparking their imaginations and  creativity. Reading for pleasure is one of life’s pure joys, and we are absolutely thrilled to see  great Irish language books get into the hands of children up and down the country. 

Primary schools who are interested in getting An Bosca Leabharlainne should fill out an  application form on the Laureate na nÓg website childrenslaureate.ie The deadline for  applications is Thursday 14 October 2021. Laureate na nÓg is an initiative of the Arts  Council. It is managed and delivered on Council’s behalf by Children’s Books Ireland, and  also supported by the Arts Council of Northern Ireland, and the Department of Children,  Equality, Disability, Integration and Youth. By honouring an artist of exceptional talent and  commitment, Laureate na nÓg champions and celebrates literature for children and young  people, inspiring generations of writers, illustrators and readers. 

ENDS 

NOTES FOR EDITORS: 

Áine Ní Ghlinn is available for interview 

Contact: Aingeala Flannery (Laureate na nÓg Project Manager) 087 638 2090 /  info@childrenslaureate.ie

Download the press release here.