Skip to content

An Bosca Leabharlainne- Léiriú Spéise Ealaíontóra

By | Published | No Comments

Tá foireann Ealaíontóirí Cónaithe is Gaeilgeoirí á lorg ag Leabhair Pháistí Éireann chun obair le scoileanna mar chuid de thionscadal An Bosca Leabharlainne de chuid Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn. An t-earrach seo chugainn, gheobhaidh bunscoileanna ar fud oileán na hÉireann bosca leabhair Ghaeilge d’ardchaighdeán arna roghnú d’aon turas ag Áine. Gheobhaidh fiche ceann de na scoileanna sin Ealaíontóir Cónaithe chun cultúr buan léitheoireachta Gaeilge le haghaidh pléisiúir a fhorbairt ina scoilsean. Tá súil ag Leabhair Pháistí Éireann deichniúr ealaíontóirí a chonrú chun dhá chónaitheacht chomhthráthacha a sholáthar an duine. Is féidir le healaíontóirí iad féin a chur ar aghaidh freisin chun ábhar físe a chruthú a chuirfear ar fáil saor in aisce do gach scoil, chun léitheoireacht Ghaeilge le haghaidh pléisiúir a spreagadh.

MAIDIR LEIS AN TIONSCADAL SEO:

Is é An Bosca Leabharlainne tionscadal suaitheanta Áine Ní Ghlinn le linn a téarma thrí bliana mar Laureate na nÓg (2020–2023). Tá an tionscadal lárnach d’aidhm fhoriomlán Áine páistí a spreagadh chun léitheoireacht Ghaeilge a dhéanamh le haghaidh pléisiúir. I gcomhpháirt le Foras na Gaeilge agus leis An Chomhairle Ealaíon, tá Laureate na nÓg ag tabhairt bosca leabhair do pháistí d’ardchaighdeán atá ina mbunsaothair Ghaeilge do scoileanna ar fud oileán na hÉireann. Tá dhá leagan den Bosca Leabharlainne ann: ceann amháin le rogha leabhair a roghnaíodh go sonrach do scoileanna Béarla, agus ceann eile ina bhfuil leabhair atá níos oiriúnaí do dhaltaí bunscoile i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta.

Faigheann scoileanna:

  • bosca de 25 leabhar Ghaeilge den scoth arna roghnú ag Áine Ní Ghlinn
  • pacáiste tacaíochta atá saindeartha agus lán de ghníomhaíochtaí spraíúla chun sult a chur sa léitheoireacht Ghaeilge do pháistí
  • Ceardlanna físe réamhthaifeadta le húdair agus maisitheoirí páistí

Gheobhaidh 20 scoil cónaitheachtaí d’ealaíontóirí freisin, agus oibreoidh siad le húdar nó le maisitheoir chun spleodar a thógáil maidir le léitheoireacht Ghaeilge ina scoil.

Déanfaidh Ealaíontóirí Cónaithe An Bosca Leabharlainne:

  • freastal ar sheimineár le hÁine Ní Ghlinn sula dtosaíonn siad ar a gcónaitheacht
  • beidh siad faoi réir Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ag Leabhair Pháistí Éireann
  • beidh siad sásta taisteal chuig scoileanna
  • beidh siad ar a gcompord ag soláthar ceardlanna ar líne mura ceadmhach cuairteanna pearsanta de réir na comhairle sláinte poiblí
  • beidh siad ar fáil le haghaidh cónaitheachtaí idir Márta agus Meitheamh 2022
  • rannpháirtíocht na scoile iomláine a fháil i dtionscadal nó i rogha gníomhaíochtaí chun léitheoireacht le haghaidh pléisiúir a spreagadh
  • úsáid An Bosca Leabharlainne agus pacáiste tacaíochta ag an scoil iomlán a spreagadh
  • foireann na scoile a ullmhú chun spriocanna an tionscadail a bhaint amach nuair nach mbíonn an tEalaíontóir Cónaithe i láthair
  • tuarascáil mheastóireachta a chomhlánú agus a chur isteach ag deireadh a gcónaitheachta

AN tIARRATASÓIR IDÉALACH:

  • is údar, maisitheoir, file nó scéalaí do pháistí é/í a bhfuil foilseacháin ghairmiúla curtha díobh
  • beidh an Ghaeilge ar a dtoil aige/aici (idir Ghaeilge labhartha agus scríofa)
  • beidh taithí roimhe seo aige/aici ag soláthar ceardlanna do leanaí idir 4-13 bliana d’aois agus ag obair le múinteoirí ar thionscadail fadtéarmacha
  • beidh sé/sí in ann gnéithe dá gcónaitheacht a sholáthar ar líne más gá
  • beidh a gcóir iompair féin aige/aici

Is féidir gur maith le roinnt iarratasóirí a mheas freisin ábhar físe a chruthú, ach ní riachtanas é sin do gach ealaíontóir.

Fad an chonartha:

Cruthófar ábhar físe i mí Eanáir 2022 le healaíontóirí rannpháirteacha. Beidh cruinnithe pleanála ar siúl i mí Feabhra. Cuirfear tús leis na cónaitheachtaí i mí an Mhárta 2022. Tiocfaidh deireadh le cónaitheachtaí i mí an Mheithimh, agus beidh tuarascáil d’Ealaíontóir Cónaithe dlite faoi mhí Iúil.

Luach saothair/sochair:

Is é €6,000 an táille. Tá sé seo bunaithe ar ráta laethúil €400 x 15 lá iomlána (taisteal san áireamh más gá). Roinnfear leithdháileadh laethanta gach ealaíontóra idir dhá scoil, agus d’fhéadfadh oiliúint le Laureate na nÓg, obair ullmhúcháin, machnamh agus tuairisciú chomh maith le ham ar an láthair i scoileanna a bheith san áireamh. Is í ár dtuiscint go mbeadh an ghníomhaíocht seo díolmhaithe ó CBL, ach is faoin ealaíontóir é an dualgas cruthúnais do na Coimisinéirí Ioncaim, agus ba chóir d’ealaíontóirí dul i gcomhairle lena gcuntasóir. Más gá d’ealaíontóirí CBL a ghearradh, ní mór an táille €6,000 a bheith san áireamh leis sin.

Beidh táille bhreise ag an ráta laethúil céanna (€400 CBL san áireamh) iníoctha le healaíontóirí a roghnaítear chun ábhar físe a chruthú.

Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh le bheith i m’Ealaíontóir Cónaithe do An Bosca Leabharlainne?

Comhlánaigh an fhoirm léirithe spéise seo:

  • leis an méid a dhéanfá chun páistí a spreagadh le léitheoireacht Ghaeilge le haghaidh pléisiúir a dhéanamh le linn do chónaitheachta (100 focal ar a mhéad)
  • conas a d’fhorbrófá cultúr léitheoireachta Gaeilge inbhuanaithe le haghaidh spraoi sa scoil (250 focal ar a mhéad)
  • do thaithí ag obair le leanaí bunscoile (200 focal ar a mhéad)
  • naisc chuig do láithreán gréasáin agus aon fhíseáin ábhartha a rinne tú (inmhianaithe ach níl sé riachtanach)

Más mian leat go ndéanfaí measúnú ort do chruthú ábhair físe do scoileanna, cuir do chuid smaointe in iúl dúinn maidir le gníomhaíochtaí gearra lena gcuirfí léitheoireacht Ghaeilge le haghaidh pléisiúir chun cinn. Beidh físeáin faoi bhun deich nóiméad agus ba chóir dóibh díriú ar spraoi seachas ailíniú leis an gcuraclam. (200 focal ar a mhéad)

Is é Dé Luain 22 Samhain ar 5 i.n. an dáta deiridh le haghaidh léirithe spéise.

Is tionscnamh de chuid An Chomhairle Ealaíon é Laureate na nÓg. Tá sé á bhainistiú agus á sholáthar thar ceann na Comhairle ag Leabhair Pháistí Éireann, le tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Trí onóir a thabhairt d’ealaíontóir a bhfuil tallann agus tiomantas eisceachtúil aige/aici, cuireann Laureate na nÓg an litríocht ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga, agus glúnta scríbhneoirí, maisitheoirí agus léitheoirí á spreagadh.

www.childrenslaureate.ie