Skip to content

Sarah Crossan

Sarah Crossan lived in Dublin until she was six years-old when her family emigrated to the UK. After studying at The University of Warwick and The University of Cambridge, she worked as an English teacher for ten years, in both England and the United States, before becoming a full-time writer in 2012. Sarah’s novels The Weight of Water and Apple and Rain were shortlisted for the CILIP Carnegie Medal and the CBI Book of the Year Award. In 2016, Sarah’s verse novel One won the CILIP Carnegie Medal and CBI Book of the Year Award as well as The Bookseller YA Book Prize, the CLiPPA Poetry Award, and many other awards. Moonrise, published in 2017, was shortlisted for the Costa Children’s Book Award, the CBI Book of the Year Award, The Bookseller YA Book Prize and the CLiPPA Award. Sarah’s latest novel for teenagers Toffee was the winner of the KPMG Children’s Books Ireland Honour Award for Fiction 2020. Her novels have been translated into more than twenty languages. Sarah Crossan was Ireland’s fifth Laureate na nÓg (2018-2020).
Bhí cónaí ar Sarah Crossan i mBaile Átha Cliath go dtí go raibh sí sé bliana d’aois, tráth a d’imigh a teaghlach ar imirce chuig an Ríocht Aontaithe. Tar éis di staidéar a dhéanamh in Ollscoil Warwick agus Ollscoil Cambridge, d’oibrigh sí mar mhúinteoir Béarla ar feadh deich mbliana, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, sula ndeachaigh sí i mbun oibre mar scríbhneoir lánaimseartha in 2012. Cuireadh úrscéalta Sarah, The Weight of Water agus Apple and Rain ar an ngearrliosta i gcomhair Bhonn Carnegie CILIP agus Gradam Leabhar na Bliana CBI. In 2016, bhuaigh úrscéal véarsaíochta Sarah, dar teideal One, Bonn Carnegie CILIP agus Gradam Leabhar na Bliana CBI chomh maith le Duais Leabhair do Dhaoine Fásta Óga The Bookseller, Duais Filíochta CLiPPA. Cuireadh Moonrise, a foilsíodh in 2017, ar an ngearrliosta le haghaidh Ghradam Leabhar Leanaí Costa, Leabhar na Bliana CBI, Duais Leabhair do Dhaoine Fásta Óga The Bookseller agus Duais CLiPPA. Ba é an t-úrscéal is déanaí atá scríofa ag Sarah le haghaidh déagóirí, Toffee, a bhuaigh Gradam Onórach KPMG CBI don Fhicsean in 2020. Tá a cuid úrscéalta aistrithe go níos mó ná scór teangacha. Ba í Sarah Crossan cúigiú Laureate na nÓg (2018-2020).