Projects | Tionscadail

Twitter Facebook

Ongoing Projects | Tionscadail faoi láthair

Laureate International Library | Leabharlann Idirnáisiúnta an Laureate

The Laureate International Library is an initiative of Siobhán Parkinson and Children's Books Ireland. It aims to introduce Irish children to a wide range of international children's literature.

The Laureate International Library, or LIL, comprises more than 100 Irish and international children's books selected by the laureate as representative of the quality of international children's writing around the world. LIL includes books by writers from 30 different countries and titles include classics such as Alice's Adventures in Wonderland and Pippi Longstocking and contemporary novels such as The Bears' Famous Invasion of Italy (Italy) and The Rabbit Revenge Plan (Germany). The collection is housed in a transportable display case and is available for loan to schools and public libraries. Schools and libraries can put in a request for a loan of the LIL by contacting Children's Books Ireland at info@childrensbooksireland.ie.

Is fiontar de chuid Siobhán Parkinson agus Leabhair Pháistí Éireann é Leabharlann Idirnáisiúnta an Laureate. Is í aidhm na leabharlainne réimse leathan de litríocht idirnáisiúnta do leanaí a chur i láthair pháistí na hÉireann.

Tá Leabharlann Idirnáisiúnta an Laureate, nó an LIL, comhdhéanta de níos mó ná 100 leabhar idirnáisiúnta agus Éireannach do leanaí, iad roghnaithe ag an laureate mar shamplaí de chaighdeán na scríbhneoireachta do leanaí ar fud an domhain. Tá leabhair le scríbhneoirí as níos mó ná 30 tír san LIL, agus áirítear ina measc clasaicí ar nós Alice’s Adventures in Wonderland agus Pippi Longstocking agus úrscéalta comhaimseartha ar nós The Bears’ Famous Invasion of Italy (An Iodáil)agus The Rabbit Revenge Plan (An Ghearmáin). Tá an bailiúchán i gcás taispeántais so-iompair agus ar fáil ar iasacht le haghaidh scoileanna agus leabharlanna poiblí. Is féidir le scoileanna agus leabharlanna iarratas a chur isteach leis an LIL a fháil ar iasacht ach teagmháil a dhéanamh le Leabhair Pháistí Éireann ag info@childrensbooksireland.ie.

 

Look, No Cows

On 29th January 2012, Siobhán Parkinson launched her outdoor sculpture trail for children at IMMA, entitled "Look, No Cows". The trail visits her favourite artworks from IMMA's collection in the museum grounds and is available free of charge to all visitors.

Ar an 29 Eanáir, 2012, sheoil Siobhán Parkinson a conair dealbhadóireachta faoin aer do leanaí ag IMMA: - “Look, No Cows”. Tugtar cuairt sa chonair ar na saothair ealaíne is fearr léi as bailiúchán IMMA ar thailte an mhúsaeim agus tá sé fáil in aisce do gach cuairteoir.

 

Past Initiatives and Events | Tograí agus Imeachtaí eile

Books Beyond Borders | Leabhair gan Teorainneacha Books Beyond Borders

In October 2011 Laureate na nÓg and the Austrian Embassy collaborated to present a two-day seminar entitled Books Beyond Borders, aiming to explore the topic of books and reading in multi-cultural societies. Discussion of the issues surrounding multiculturalism in educational contexts and the role played by books and reading in integration was lead by Siobhán Parkinson and Austrian writer, Rachel van Kooij. Guest speakers from the worlds of children's literature, education, multiculturalism and integration spoke on a range of issues, and children from international communities presented examples of books and stories from their own cultures. A special address was given by Frances Fitzgerald T.D., Minister for Children and Youth Affairs. Siobhán took the opportunity to launch the Laureate International Library, which you can read more about above. A selection of books donated by various ambassadors to Ireland was on display over the two days of the seminar.

I mí Dheireadh Fómhair 2011 chuaigh Laureate na nÓg agus Ambasáid na hOstaire i gcomhar le chéile le seimineár dhá lá darbh ainm Leabhair gan Teorainneacha / Books Beyond Borders a chur i láthair, le ceist na leabhar agus na léitheoireachta i bpobail ilchultúrtha a fhiosrú.

Threoraigh Siobhán Parkinson agus an scríbhneoir Ostarach Rachel van Kooij an díospóireacht faoi na saincheisteanna a bhaineann leis an ilchultúrachas i gcomhthéacsanna oideachasúla agus faoi ról na leabhar agus na léitheoireachta san imeascadh.
Labhair cainteoirí atá ag plé le litríocht do pháistí, le hoideachas, le hilchultúrachas agus le himeascadh faoi réimse saincheisteanna, agus chuir leanaí ó phobail idirnáisiúnta samplaí de leabhair agus de scéalta as a gcultúr féin i láthair. Thug an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Fances Fitzgerald, aitheasc speisialta.

Thapaigh Siobhán an deis chun Leabharlann Idirnáisiúnta an Laureate a sheoladh - mar atá luaite thuas. Bhí bailiúchán leabhar a bhronn ambasadóirí éagsúla go hÉirinn ar taispeáint le linn dhá lá an tseimineáir.

 

Images Beyond Borders | Íomhánna gan Teorainneacha

Another joint venture of Laureate na nÓg and the Austrian Embassy was Images Beyond Borders, an exhibition of illustrations by children’s illustrators from Ireland and Austria. The exhibition ran from 7th to 27th October 2011 in the No Grants Gallery in Temple Bar, Dublin. The exhibition was launched by Laureate na nÓg Siobhán Parkinson and Karin Fichtinger-Grohe, Deputy Minister at the Austrian Embassy. A short discussion on illustration followed between renowned illustrator, Niamh Sharkey, whose work appeared in the exhibition, and Valerie Coghlan of the Church of Ireland College of Education.

Comhfhiontar eile de chuid Laureate na nÓg agus Ambasáid na hOstaire ba ea Images Beyond Borders, taispeántas de mhaisiúcháin as leabhair do pháistí as Éirinn agus ón Ostair. Bhí an taispeántas ar siúl ón 7ú go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2011 sa dánlann No Grants Gallery i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Ba iad Laureate na nÓg Siobhán Parkinson agus Karin Fichtinger-Grohe, Leas-Aire in Ambasáid na hOstaire, a sheoil an taispeántas. Bhí díospóireacht ghearr faoin mhaisiúchán ann idir an maisitheoir cáiliúil Niamh Sharkey, a raibh a cuid saothair le feiceáil sa taispeántas, agus Valerie Coghlan as Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann.

 

Laureates in Conversation | Comhrá na Laureate

Siobhán Parkinson was delighted to welcome Julia Donaldson, the UK Waterstones Children’s Laureate, to Ireland in January 2012. The two laureates appeared in conversation at the RIA in Dublin to discuss their writing and laureateships. The talk was chaired by Dr. Amanda Piesse of TCD and was very well received by those in attendance.

Siobhán accompanied Julia to Derry the following day for a series of events, including a discussion in the Verbal Arts Centre chaired by BBC presenter Marie-Louise Muir.

Bhí lúcháir ar Shiobhán Parkinson fáilte a chur roimh Julia Donaldson, Laureate na Leanaí Waterstones sa Ríocht Aontaithe, go hÉirinn i mí Eanáir 2012. Tháinig an bheirt laureate le chéile i gcomhrá san RIA i mBaile Átha Cliath leis an scríbhneoreacht agus ról an laureate a phlé. Bhí an Dr. Amanda Piesse as Coláiste na Tríonóide sa chathaoir agus bhain an lucht éisteachta an-taitneamh as an gcomhrá.

Chuaigh Siobhán go Doire le Julia an lá dár gcionn le haghaidh sraith imeachtaí, lena n-áirítear díospóireacht sa Verbal Arts Centre mar raibh an láithreoir ón BBC Marie-Louise Muir sa chathaoir.

Overseas Events | Imeachtaí Thar Lear

In December 2011 Siobhán travelled to New York as part of Culture Ireland’s Imagine Ireland programme – a year-long celebration of Irish Arts for American audiences. Siobhán spent the first day of her four-day trip in Vermont to meet with US Reading Ambassador Katherine Paterson. Katherine hosted a lunch for children’s writers from the Vermont area. Siobhán then travelled to New York where she appeared at New York Public Library’s Children’s Centre to discuss recent developments in children’s literature in Ireland.

In September Siobhán travelled to Sweden to participate in the ceremony announcing the appointment of the country’s first Reading Ambassador for Children. The laureate met Swedish children’s writers at an event at the Swedish Writers’ Centre in Stockholm on 12th September, and on 23rd September she attended the Gothenburg Book Fair, where she shared a platform with the new Reading Ambassador, Johan Unenge.

I mí na Nollag 2011 chuaigh Siobhán go Nua Eabhroc mar chuid de chlár Chultúr Éireann Imagine Ireland - ceiliúradh bliana ar Ealaíona na hÉireann do lucht féachana Meiriceánach. Chaith Siobhán an chéad lá dá turas ceithre lá i Vermont le bualadh le hAmbasadóir Léitheoireachta SAM Katherine Paterson. D'eagraith Katherine lón do scríbhneoirí do pháistí as ceantar Vermont. Chuaigh Siobhán go Nua Eabhroc ansin mar a raibh ócáid in Ionad Leanaí Leabharlann Phoiblí Nua Eabhroc le plé a dhéanamh ar fhorbairt litríocht na bpáistí in Éirinn.

I mí Mheán Fómhair thaistil Siobhán chun na Sualainne le bheith páirteach i searmanas chun ceapúchán an chéad Ambasadóir Léitheoireachta do Leanaí a fhógairt. Bhuail an laureate le scríbhneoirí Sualannacha do pháistí ag ócáid i Stócólm ar an 12 Meán Fómhair, agus ar an 23 Meán Fómhair d'fhreastail sí ar Aonach Leabhar i Gothenburg, mar a raibh sí ar an ardán leis an Ambasadóir Léitheoireachta nua, Johan Unenge.