Skip to content

About the Laureate na nÓg Project

What is Laureate na nÓg?

Laureate na nÓg is an initiative of the Arts Council. It is managed and delivered on Council’s behalf by Children’s Books Ireland, and also supported by the Arts Council of Northern Ireland and the Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth.

Purpose

By honouring an artist of exceptional talent and commitment, Laureate na nÓg champions and celebrates literature for children and young people, inspiring generations of writers, illustrators and readers.

Aims

  • To honour an exceptional writer or illustrator of literature for children and young people in the Irish or English language
  • To champion literature for children and young people nationally and internationally
  • To engage and inspire children, young people and their communities through literature
  • To encourage new generations of writers and illustrators

Values

The Arts Council and Laureate na nÓg believe in:
  • every child’s right to discover and delight in literature
  • work of quality and ambition for children and young people
  • writers and illustrators having productive and rewarding careers
  • the inclusion of all voices and cultures that make up Ireland today

Background

In 2008, as part of the mid-term review of Partnership for the Arts, the Arts Council led a consultation process to develop a comprehensive vision, strategy and action plan for children’s literature. Central to the resulting policy and strategy was a proposal to establish a children’s laureate, a role which would celebrate children’s literature and its contribution to cultural life.  Laureate na nÓg was established in 2010. Siobhán Parkinson was awarded the honour of being Ireland’s first Laureate na nÓg. Since that time there have been five other laureates – Niamh Sharkey, Eoin Colfer, PJ Lynch, Sarah Crossan, and Áine Ní Ghlinn. Each has contributed in their own ways to the aims of the programme, and the Laureate is recognised as the highest honour that can be awarded to a children’s writer or illustrator in Ireland. The sixth Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, was announced in May 2020. Her programme is currently underway.

Cad é  Laureate na nÓg?

Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea Laureate na nÓg. Is é Leabhair Pháistí Éireann a dhéanann an tionscnamh a bhainistiú agus a sheachadadh ar son na Comhairle Ealaíon agus tá tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

Cuspóir

Trí onóir a thabhairt d’ealaíontóir a bhfuil bua na ceirde aige/aici mar aon le tiomantas iontach, déanann Laureate na nÓg litríocht do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn agus a cheiliúradh. Fágann sin gur spreagadh mór atá sa Laureate do scríbhneoirí, do mhaisitheoirí agus do léitheoirí óga.

Aidhmeanna:

  • Onóir a thabhairt do scríbhneoir nó maisitheoir den litríocht do leanaí agus do dhaoine óga i nGaeilge nó i mBéarla a bhfuil bua na ceirde aige/aici
  • Litríocht do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta
  • Leanaí, daoine óga agus a bpobail áitiúla a chur i dteagmháil leis an litríocht agus inspioráid a thabhairt dóibh
  • Glúnta nua scríbhneoirí agus maisitheoirí a spreagadh

Luachanna

Creideann an Chomhairle Ealaíon agus Laureate na nÓg:
  • i gceart gach linbh litríocht a fhionnadh agus sásamh a bhaint aisti
  • in obair uaillmhianach agus ar ardchaighdeán do leanaí agus do dhaoine óga
  • i ngairmeacha táirgiúla agus tairbheacha do scríbhneoirí agus do mhaisitheoirí
  • sa tábhacht atá ann meas agus tacaíocht a thabhairt do gach guth agus cultúr atá in Éirinn an lae inniu

Cúlra

Mar chuid den athbhreithniú meántréimhse a rinneadh in 2008 ar an gComhpháirtíocht ar son na nEalaíon, chuir an Chomhairle Ealaíon próiseas comhairliúcháin ar siúl ar mhaithe le fís, straitéis agus plean gníomhaíochta cuimsitheach le haghaidh litríocht do leanaí a fhorbairt. Tar éis an chomhairliúcháin, beartaíodh beartas agus straitéis nua a chur le chéile. Rud a bhí lárnach sa bheartas agus sa straitéis nua sin laureate do leanaí a chur ar bun, ról a ceapadh chun litríocht do leanaí agus a cion don saol cultúrtha a cheiliúradh. Bunaíodh Laureate na nÓg in 2010. Ba í Siobhán Parkinson an té ar a bronnadh onóir chéad Laureate na nÓg in Éirinn uirthi. Ina diaidh, bronnadh an Laureate ar chúigear eile – Niamh Sharkey, Eoin Colfer, PJ Lynch, Sarah Crossan, agus Áine Ní Ghlinn. Chuir gach ceann de na buaiteoirí leis an gclár ina mbealaí féin, agus aithnítear Laureate mar an onóir is airde dá bhfuil ann in Éirinn do scríbhneoir nó maisitheoir na litríochta leanaí. I mí na Bealtaine 2020, ainmníodh Áine Ní Ghlinn mar an séú Laureate na nÓg. Tá sí i mbun a clár faoi láthair.